Sunday 26 July 2009

Cothrom na féinne don Ghaeilge...ó Sainsburys


D'oscail Sainsburys garáiste nua ar Bhóthar Bhaile Andarsan i mBéal Feirste le déanaí agus bail ó Dhia orthu tá cothrom na féinne tugtha don Ghaeilge acu ar an gcomharthaíocht. Ní amháin go bhfuil an comhartha dátheangach ach tá an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla, ní i gcló beag iodálach.
Eiseamláir atá ann don chuid eile den earnáil ghnó ó thuaidh agus ó dheas.

2 comments:

  1. Iontach ar fad, moladh tuilte acu. Go raibh maith agat a Dhub as an eolas!

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as seo a chur ar eolas againn a Cholm.

    ReplyDelete