Monday 30 May 2011

Caithfidh Tuaisceart Éireann glacadh le rogha na n-imreoirí


Le linn an Carling Nations Cup a chríochnaigh ar an Domhnaich bhí go leor gearáin ó bhainistíocht agus lucht tacaíochta Thuaisceart Éireann faoin “póitseáil” atá ar bun ag foireann na Poblachta ar imreoirí.

Le blianta beaga anuas tá imreoirí sacair ó na sé chontae, (mar shampla Darren Gibson, thuas) ag roghnú na Poblachta thar fhoireann an Tuaiscirt.

Glacann FIFA leis an gceart atá acu, faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, an rogha seo a dhéanamh.

Níl an Tuaiscirt cosúil le háiteanna eile ar domhan, mar sin níl na rialacha bunreachtúla, polaitiúla nó sportúla céanna i bhfeidhm ann is atá in áiteanna eile.

Dá mbeadh foireann an Tuaiscirt ag déanamh gach iarrachta imreoirí ón bpobal náisiúnach a mhealladh agus nach raibh siad ag déanamh “póitseáil” ar imreoirí ó Shasana iad fhéin, bheadh údar gearáin áirithe acu.

Ach níl siad ag déanamh fíor-iarrachta. Seinntear Go Sabhála Dia an Banríon ag cluichí de chuid an Tuaiscirt, amhráin náisiúnta na Ríochta Aontaithe. Mura bhfuil an Ríocht Aontaithe ag imirt níor cheart an t-amhrán seo a sheinnt.

Baintear úsáid as brat Stormont chomh maith.

Ní hé nach bhfuil amhrán ar leith á húsáid ag lucht spóirt an Tuaiscirt cheanna féin – seinneann siad Danny Boy le linn Cluichí an Chomhlathais.

Ó mo thaithí féin sna sé chontae is beag duine ón bpobal náisiúnach a thacaíonn le Tuaisceart Éireann. Chas mé ar go leor daoine nach dtacaíonn leo ar chor ar bith agus roinnt eile a bhí chomh nimhneach sin in éadan an Tuaiscirt go dtacódh siad le Sasana dá mbeadh an dá fhoireann ag imirt in aghaidh a chéile.

Má leanann an sileadh imreoirí go dtí an Poblacht ní athróidh mórán ó thaobh tacaíocht tras-phobal na foirne – toisc nach bhfuil an tacaíocht tras-phobal sin ann sa chéad dul síos

Is faoin IFA atá sé daoine ón bpobal náisiúnach a mhealladh, sa chaoi céanna gur faoi náisiúntóirí atá sé daoine ón bpobal aontachtach a mhealladh le tacaíocht a thabhairt d'Éire Aontaithe.

Agus is fíor freisin go mbeidh daoine sna sé chontae nach dtacóidh le Tuaisceart Éireann riamh cuma cén athrú a dhéanann siad.

Caithfidh an IFA glacadh le sin, sa chaoi chéanna go bhfuil ar náisiúntóirí glacadh leis go bhfuil Tuaisceart Éireann é féin ann.

B'fhearr liom dá mbeadh foireann amháin don oileáin, ach is léir nach nglacfaidh lucht leanúna an Tuaiscirt leis an moladh sa ghearrthéarma agus ní mór meas a thabhairt don tuairim sin.

Fiú dá mbeadh Éire Aontaithe ann b'fhéidir gur cheart an dá fhoireann a fhágáil mar atá ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin.

Tá roinnt conspóide ag baint leis na hamhráin a sheinntear ag cluichí rugbaí chomh maith – ach tá leigheas an-simplí ar sin. D'fhéadfaí Amhrán na bhFiann agus Danny Boy a sheinnt i mBóthar Lansdún, Cnoc an Fhéich agus as baile freisin.

Sílim go mbeadh beagnach gach éinne aontaithe faoi cheist amháin - gur cheart fáil réidh le Ireland's Call go hiomlán.

2 comments:

  1. Níl mé cinnte an é "Go Sábhála Dia an Bhanríon" amhrán náisiúnta an Ríochta Aontaithe nó tá amhrán náisiúnta ag foirne sacair na hAlban agus na Breataine Bige.

    Sílim gur gá don IFA amhrán eile náisiúnta a úsáid. Chuala mé gur baineadh úsáid as Danny Boy tráth, ach ní rabhthas tógtha leis!

    ReplyDelete
  2. Is é GSDB amhrán náisiúnta de facto na RA, de réir dealraimh sheinn Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag agus Albain an t-amhrán tráth ach d'athraigh an Bhreatain Bheag agus Albain sna 80í/90í. Rinneadh moltaí go seinnfeadh Sasana amhrán ar nós Jerusalem nó Land of Hope and Glory ach níor tharla sé go fóill.

    ReplyDelete