Monday 2 May 2011

Osama Bin Laden marbh


Tá Osama Bin Laden marbh de réir Barack Obama, beagnach deich mbliana tar éis 9/11.
Is cuma cad a shíleann daoine faoi pholasaithe eachtrannacha na Stáit Aontaithe Meiriceá – níl aon leithscéal don mhéid a rinne Al Qaeda an lá sin. Séard a bhí ann ná ár inar maraíodh 3,000 sibhialach.
Ba é an t-ár is measa ar domhain ó Srebrenica i 1995, am ar maraíodh 8,000 sibhialach sa bhaile sin i mBoisnia.
Ní hé 9/11 an t-aon shampla atá ann d'ionsaithe ar shibhialigh ar rinne grúpa Bin Laden – tá Bali, Londain, Maidrid agus an t-uafás ionsaithe a rinne siad ar an bpobal Shia san Iaráic (thuas), ionsaithe a spreag nach mór cogadh cathartha sa tír sin.
Tá Coinbhinsiún na Ginéive soiléir ar an bpointe seo – tá sé mídleathach ionsaithe a dhéanamh ar shibhialaigh.
Is sceimhlitheoir aon duine a dhéanann ionsaithe d'aon ghnó ar shibhialaigh agus mar sin is sceimhlitheoir fuilteach brúidiúl a bhí in Osama Bin Laden.

No comments:

Post a Comment