Monday 10 October 2011

X-Men ag iarraidh bean a smachtú


Bhí mé ag breathnú ar X-Men The Last Stand tamall ó shin agus thug mé rud éigin suimiúil faoi dheara faoin bplota.

Sa scannán déanann ceannaire na X-Men, Professor X, iarracht smacht a choiméad ar Jean Grey, baill den ghrúpa 'sóiteáin'.

Tá dhá phearsantacht ag Grey, ceann deas agus ceann fíochmhar. Bíonn sí stuama agus sochar nuair a chuireann Professor X a cumhachtaí faoi smacht, mura ndéantar é seo tiocfaidh pearsantacht dainséireach Grey chun cinn, an Phoenix.

Mar a deir ceannaire na X-Men: “whereas Jean is calm and thoughtful, the Phoenix is pure will, instinct, glee, rage...she has to be controlled.”

Ní féidir le Jean Grey srian a chur ar a pearsantacht dainséireach í féin. Tá an Phoenix oll-chumhachtach ach níl aon chiall ná réasún aici, mar sin is baol an-mhór í do gach rud mórthimpeall uirthi, an domhan é féin san áireamh.

Mura gcuireann na X-Men an bhean seo faoi smacht éireoidh sí mí-loighciuil, mí-réasúnta agus rialóidh a cuid mothúchán céard a dhéanann sí, ní a hintinn.

Mar achoimre, caithfidh na fir an bhean seo a choiméad faoi smacht nó rachaidh sí ar mire agus scriosfaidh sí an domhan.

Hmm...táim ag ceapadh go bhfuil ábhar tráchtais anseo do mhic léinn patrarachta!

1 comment: